Téarmaí Catalóige

Éifeachtach: 25 Iúil 2023

FÓGRA EADRÁNA: TÁ TÚ FAOI CHEANGAL AG AN bhFORÁIL EADRÁNA ATÁ LEAGTHA AMACH SNA TÉARMAÍ SEIRBHÍSÍ GNÓ. MÁ TÁ CONRADH Á DHÉANAMH AGAT LE SNAP INC. ANSIN TARSCAOILEANN TÚ FÉIN AGUS SNAP INC. AON CHEART CHUN PÁIRT A GHLACADH I gCÁS DLÍ CAINGNE AICMÍ NÓ IN EADRÁIN AICMEACH DO CHÁCH.

Réamhrá

Bunaíonn na Téarmaí Catalóige seo conradh atá ceangailteach ó thaobh dlí idir tú féin agus Snap, rialaíonn siad an úsáid gné catalóige Snap agus cuirtear iad san áireamh sna Téarmaí Seirbhísí Gnó. Sainmhínítear téarmaí áirithe a úsáidtear sna Téarmaí Catalóige sna Téarmaí Seribhísí Gnó.

1. Catalóg

Cuirfidh tú (nó aon eintiteas ar do shon) rochtain ar do chatalóg táirge do Snap agus a chleamhnaithe de réir na Téarmaí Catalóige seo. Féadfadh Snap agus a chleamhnaithe gach catalóg atá faoi réir na Téarmaí Seirbhísí Gnó a úsáid, lena n-áirítear ábhar le rith a chruthú nó a athrú trí na Seirbhísí, amhail i bhfógraí a ritheann tú agus mar thorthaí cuardaigh, pearsantaithe agus molta do táirgí atá ar fáil le ceannach. Tá tú freagrach as fíorú agus cothabháil na hiomláine agus an chruinnis gach faisnéise, faisnéisithe agus ruda a mhaítear (díreach nó intuigthe) i ngach catalóg.

Le haghaidh críocha soiléireachta, tá d'úsáid na Seirbhísí Gnó chun (a) ábhar a chruthú, a bhainistiú agus a rith, lena n-áirítear fógraí a bhfuil táirgí ó chatalóg acu faoi réir na Téarmaí Fógraíochta Féinseirbhíse; agus chun (b) aon táirge ó chatalóg a thaispeáint, a dhíolachán a éascú agus a dhíol faoi réir na Téarmaí Ceannaí Snap. Má tá coinbhleacht nó neamhréir ann idir na Téarmaí Catalóige seo agus na Téarmaí Fógraíochta FéinseirbhíseTéarmaí Ceannaí Snap, rialóidh na Téarmaí Catalóige seo.

2. Spriodhíriú

Ní mór do gach ábhar a chuireann tú isteach laistigh d'Fhoireann Táirge a bheith cuí do dhaoine a bhfuil 13 bliana d'aois nó níos sine. Má theastaíonn spriochdíriú aoise ag Dlí Infheidhme nó caighdeáin an tionscail sa reigiúin ina bhféadfaidh an t-ábhar sin a rith ó aon ábhar laistigh d'Fhoireann Táirge, mar sin ní mór duit an spriocdhíriú aoise sin a chur i bhfeidhm ar an bhFoireann Táirge sin trí roghnú an aois cheart/na haoiseanna cearta san uirlis aighneachta agus ní bheidh Snap freagrach as mura ndéanann tú é. Mura bhfuil rogha spriocaoise riachtanach ar fáil, ná cuir isteach an Fhoireann Táirge sin. Le haghaidh críocha na dTéarmaí Catalóige seo, ciallaíonn "Foireann Táirge" an chatalóg iomlán nó fofhoireann na catalóige mar a shonraítear agat trí na Seirbhísí Gnó.

Go hachomair: Tá aon chatalóg a chuireann tú rochtain orthu ar fáil do Snap nó a chleamhnaithe trí na Seirbhísí Gnó faoi réir na Téarmaí Catalóige seo. Tá tú freagrach as an spriocdhíriú aoise ceart a chur i bhfeidhm ar gach catalóg de réir na ceanglas atá leagtha amach sna Téarmaí Catalóige seo. Féadfaidh úsáid chatalóige leis na Seirbhísí Gnó a bheith faoi réir Téarmaí Breise eile lena n-áirítear na Téarmaí Fógraíochta Féinseirbhíse agus na Téarmaí Ceannaí Snap.