Téarmaí Bronntanais Síntiúis Snapchat+

Éifeachtach: 15 Lúnasa 2023

Intreoir

Léigh go cúramach na Téamaí Bhronntanais Snapchat+ (¨Téamaí Bhronnanais Snapchat+¨). Cruthaíonn na Téarmaí Bronntanais Snapchat + seo conradh atá ceangailteach ó thaobh dlí idir tú féin agus Snap agus rialaíonn siad do cheannach agus do bhronntanas síntiús le Snapchat + ("síntiús Snapchat+") d'úsáideoir Snapchat eile. Tugann Snapchat+ Téarmaí Bhrontannais san aireamh mar thagairt Teamaí Síntíus Snapchat+ agus aon téarmaí, treoirlínte agus polasaithe ábhartha. A mhéid a thagann na Téarmaí Bronntanais Snapchat+ seo salach ar aon cheann de na téarmaí eile, rialóidh na Téarmaí Bronntanais Snapchat+ seo maidir le síntiúis Snapchat + a bhronnadh. Luíonn an ábaltacht chun síntiúis Snapchat+ a bhronnadh ar úsáideoirí le ¨Seirbhísí¨ Snap, mar atá leagtha amach de Téarmaí Seirbhíse Snap.

Síntiús Bronntanas á Cheannach

B´fhéidir go dtabhfaimid an ábaltacht duit síntiús réamhíoctha a cheannach agus a bhronnadh ar úsáideoir SnapChat eile trí na Seirbhísí (¨Síntiús Bhronntanais¨) Féadfaidh tú Síntiús Bhronntanais a cheannach trí na Seirbhísí, nó trí modhanna eile a chuireann muid ar fáil ó am go ham agus beidh aon ceannachán rialaithe faoi na téarmaí luaite Téarmaí Sntíus Snapchat+ Tar éis duit Sintíus Bhronntanais a cheannach, gheobaidh an faighteoir atá aininithe agat (¨faighteoir¨) fógra trí na Seirbhísí gur cheannaigh tú Síntíus Bhronntanais dóibh, agus beidh rogha ag an faighteoir chun a Síntíus Bhronntanais a fuascailt ó na Seirbhísí.

Go hachomair: D´fheadfá síntíusí réamhíoctha Snapchat+ a cheannach agus iad a bhronnadh ar úsáideoirí na Seirbhísí ag brath ar na téarmaí thíos.

2. Bronntanas a Fhuascailt

a. Chun Síntiús Bronntanais a fháil agus a fhuascailt, ní mór don fhaighteoir cuntas Snapchat atá ann cheana féin a bheith aige agus ní mór duit a bheith ceangailte leo mar Chara trí na Seirbhísí. Ní féidir síntiúis bronntanais a fhuascailt ach amháin trí na Seirbhísí ag an bhfaighteoir ag baint úsáide as a gcuntas Snapchat nó trí mhodhanna eile den sórt sin a d'fhéadfaimis a chur ar fáil ó am go ham. Tá úsáid Snapchat+ an fhaighteora ó Shíntiús Bronntanais faoi réir chomhlíonadh na dTéarmaí Seirbhíse Snap agus aon téarmaí, treoirlínte agus beartais infheidhme eile.

b. Nuair a fhuasclóidh faighteoir Síntiúis mar Bhronntanas é, ní dhéanfar an faighteoir a bhilleáil ar feadh ré an Síntiúis mar Bhronntanas. Cuirfear tús leis an Síntiús Bronntanais ag na hamanna seo a leanas: (i) má tá síntiús íoctha, gníomhach Snapchat+ ag an bhfaighteoir cheana féin, ar dhul in éag dá dtréimhse bhilleála reatha mura bhfuil Tairiscint Síntiúis ghníomhach acu agus sa chás sin tosóidh an Síntiús Bronntanais ar dhul in éag don Tairiscint Síntiúis ina ionad sin; (ii) mura bhfuil síntiús gníomhach Snapchat+ ag an bhfaighteoir ag an bpointe fuascailte, a luaithe a fhuasclóidh siad an Síntiús Bronntanais; nó (iii) má tá Síntiús Bronntanais gníomhach ag an bhfaighteoir cheana féin, ar dhul in éag don Síntiús Bronntanais reatha (faoi réir aon srianta atá leagtha amach sna Téarmaí Bronntanais Síntiúis Snapchat+ seo).

c. Murab ionann agus síntiúis Snapchat+ eile, ní dhéanann Síntiúis Bronntanais athnuachan go huathoibríoch mura roghnaíonn an faighteoir: (i) athnuachan a dhéanamh trí shíntiús íoctha Snapchat + a cheannach de réir Théarmaí Síntiúis Snapchat +;  nó (ii) go raibh síntiús gníomhach Snapchat+ íoctha acu ag an bpointe fuascailte ar Shíntiús Bronntanais (beag beann ar aon Tairiscintí Síntiúis beo a cuireadh i bhfeidhm ar a gcuntas ag an am sin) agus nár chealaigh siad a síntiús íoctha Snapchat+ sula dtéann a Síntiúis Bronntanais fuascailte go léir in éag. Má roghnaíonn an faighteoir a síntiús Snapchat + a athnuachan tar éis don Síntiús Bronntanais dul in éag nó mura gcuireann sé a síntiús Snapchat + íoctha ar ceal roimh dheireadh an Síntiúis Bronntanais, déanfar iad a bhilleáil le haghaidh a síntiúis de réir Théarmaí Síntiúis Snapchat+ nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse Síntiúis Bronntanais. 

d. Ní fhéadfaidh faighteoirí ach Síntiús Bronntanais amháin a fhuascailt ag an am, beag beann ar líon na Síntiús Bronntanais a fuair siad. Rachaidh an cumas Síntiús Bronntanais a fhuascailt in éag tar éis 7 mbliana tar éis an dáta a bronnadh é, agus ina dhiaidh sin ní bheidh sé ar fáil don fhaighteoir a thuilleadh agus ní bheidh tú i dteideal aisíocaíocht a fháil má théann an Síntiús Bronntanais in éag sula bhfuasclaítear é. Níl aon táillí seirbhíse nó díomhaointis ann.

Go hachomair: Teastaíonn cuntas Snapchat uait féin agus ó fhaighteoir Síntiúis Bronntanais agus ní mór duit a bheith ceangailte mar Chairde sula gceannaíonn tú é. Má tá an faighteoir páirteach trí shíntiús reatha le Snapchat + nó má tá Síntiús Bronntanais neamh-mheasta amháin nó níos mó aige cheana féin, beidh tús do Shíntiúis Bronntanais faoi réir na n-uainiúcháin atá leagtha amach thuas. Ní dhéantar Síntiúis Bhronntanais a athnuachan go huathoibríoch nuair a théann siad in éag mura raibh síntiús íoctha gníomhach ag an bhfaighteoir le Snapchat + ag an am a d'fhuascail siad do Shíntiús Bronntanais. Rachaidh Síntiúis Bhronntanais Neamh-mheasta in éag tar éis 7 mbliana tar éis dháta an bhronntanais.

3. Aisíocaíochtaí agus srianta

Ní fhéadfar Síntíuis Bhrontannas a n-aistriú go úsáideoir eile, a thabhairt, abhronnadh a dhéanamh nó áthdhíol a dhéanamh go duine ar bith eile nó cúntas ar bith eile, agus ní fhéadfar Síntíuis Bhrontannais a fhuaiscailt ach amháin an faighteoir ainmnithe. Ní fédir áisíoc, áistriú a dhéanamh nó mhalartú i gcomhair airgead tirim a dhéanamh ar Síntíuis Bhrontannais seahcas ag teastáil ar an dlí. D´fhéadfadh neamhbhailíochtú ar aon Síntíuis Bhrontannas atá tugtha amach, aithstrithe chuig úsáideoir eile nó athdhíolta, le cead Snap amháin. D´fhéadfaidh Snap neamhbhailíochtú a dhéanamh ar aon Síntíus Bhrontannas a chréideann sé a raibh ceannaithe nó faightego calaoiseach nó trí modhanna neamhdhleathacha nó ar son aon cuspóirí neamhdhleathacha.

Go hachomhair: Ní féidir Síntíuis Bhrontannas a úsáid ach amháin don duine tosaigh atá ainmnithe agat le linn an ceannachán agus ní féidir athdíoladh nó aistriú a dhéanamh ar na Síntíuis Bhrontannas go aon duine eile Tá cásanna áirithe ann inar féidir linn Síntiús Bronntanais a chur ó bhail nó a chealú.