Téarmaí Úsáide Sonraí Teoranta

Éifeachtach: 3 Samhain 2021

TABHAIR FAOI DEARA: NUASHONRAÍOMAR NA TÉARMAÍ SEO ÓN DÁTA THUAS. MURAR AONTAIGH TÚ LE RÉAMHLEAGAN NA dTÉARMAÍ SEO (AIMSITHE ANSEO), BEIDH NA TÉARMAÍ NUASHONRAITHE I bhFEIDHM ÓN 17 SAMHAIN, 2021.

Réamhrá

Bunaíonn na Téarmaí Úsáide Sonraí Teoranta seo conradh atá ceangailteach ó thaobh dlí idir tú féín agus Snap agus cuimsítear iad isteach sna Téarmaí Seirbhísí Gnó. Sainmhínítear téarmaí áirithe a úsáidtear sna Téarmaí Úsáide Sonraí Teoranta seo sna Téarmaí Seirbhísí Gnó.

1. Úsáid Sonraí Teoranta

Má chuimsíonn Sonraí Imeachta a bhaineann le d'aipeanna móibíleacha nó suíomhanna greasáin faoi na Téarmaí Tiontaithe Snap comhartha úsáide sonraí teoranta a thugann onóir do Snap (mar a thuairiscítear anseo), aontaíonn Snap nach nascfaidh sé amach aon sonraí úsáideora ná gléis inaitheanta lasmuigh de na Sonraí Imeachta sin as an ngléas úsáideora le haon sonraí úsáideora nó gléis inaitheanta a bhaineann leis an úsáideoir sin a bhailigh aipeanna móibíleacha Snap le haghaidh fógraíocht spriocdhírithe nó críocha tomhais fógraíochta.

2. Coinbhleacht

Má tá na Téarmaí Úsáide Sonraí Teoranta ag teacht salach ar na Téarmaí Seribhíse Gnó, aon Téarma agus Polasaí Forlíontach eile, nó na Téarmaí Seirbhíse Snap, mar sin faoi chuimsiú na coinbhleachta, is iad seo a leanas na doiciméid rialaithe in ord íslitheach: na Téarmaí Úsáide Sonraí Teoranta seo, na Téarmaí agus Polasaithe Forlíontacha eile, na Téarmaí Seirbhísí Gnó, agus na Téarmaí Seirbhíse Snap.