Personal Data Terms
Éifeachtach: 1 Aibreán 2024
FÓGRA EADRÁNA: TÁ TÚ FAOI CHEANGAL AG AN bhFORÁIL EADRÁNA ATÁ LEAGTHA AMACH SNA TÉARMAÍ SEIRBHÍSÍ GNÓ. MÁ TÁ TÚ AG DÉANAMH CONARTHA LE SNAP INC., ANSIN TARSCAOILEANN TÚ FÉIN AGUS SNAP INC. AON CHEART CHUN PÁIRT A GHLACADH I gCÁS DLÍ CAINGNE AICMÍ NÓ IN EADRÁIN AICMEACH DO CHÁCH.
Cruthaíonn na Téarmaí Sonraí Pearsanta conradh atá ceangailteach ó thaobh dlí idir tusa agus Snap, rialaíonn siad an fhoráil nó an fháil (mar is infheidhme) sonraí pearsanta trí Sheribhísí Gnó agus cuimsítear iad isteach sna Téarmaí Seirbhísí Gnó. Sainmhínítear téarmaí áirithe a úsáidtear sna Téarmaí Sonraí Pearsanta seo sna Téarmaí Seirbhísí Gnó.
Má chuireann tú aon sonraí pearsanta ar fáil do Snap nó a chleamhnaithe, lena n-áirítear lasmuigh den ábhar a fhormheasann nó a chuireann tú ar fáil trí na Sheirbhísí Gnó, mar sin chomh maith leis na huiríll agus barántaí sna Téarmaí Seirbhísí Gnó: (a) comhlíonfaidh tú Dlí Infheidhme, caighdeáin agus treoirlínte féinrialála infheidhme agus aon téarma, treoirlíne nó beartas forbróra mhóibíligh nó siopa aipe infheidhme (le chéile "Rialacha") nuair atá na Seirbhísí Gnó á n-úsáid agat; (b) ní chuimseoidh sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil do Snap nó a chleamhnaithe aon fhaisnéis a bailíodh ó sheirbhís ar líne a díríodh ar pháistí nó faoi dhaoine aonair a bhfuil eolas iarbhír agat go bhfuil siad faoi bhun 13 bliana d'aois (nó má tá siad níos sine ná 13 bliana d'aois, an aois íosta ag a bhfuil an phróiseáil sonraí pearstana ábhair sonraí dleathach faoi Dhlí Infheidhm) ná aon fhaisnéis íogair ná sonraí catagóra speisialta, mar a shainmhínítear sna Rialacha, lena n-áirítear aon fhaisnéis atá bunaithe ar na méid seo a leanas nó a chuimsíonn: (i) déanamh líomhnaithe nó iarbhír coire; (ii) faisnéis sláinte; nó (iii) faisnéis faoi stádas airgeadais, bunadh eitneach nó cine, creidimh nó roghanna reiligiúnacha, saol gnéis nó roghanna gnéasacha nó ballraíocht cheardchumainn na n-úsáideoirí. (c) tá gach ceart, ceadúnas agus toiliú riachtanach faighte agat a bhfuil de cheangal orthu agus coinneoidh tú iad chun sonraí pearsanta a sheoladh agus le haghaidh na húsáide sonraí pearsanta de réir na Téarmaí Seirbhísí Gnó, lena n-áirítear ó gach ábhar sonraí a bhfuil a shonraí san áireamh sna sonraí pearsanta. (d) cuirfidh tú fógra leordhóthanach ar fáil do gach ábhar sonraí de réir na Rialacha go bhféadfadh fáisnéis an ábhair sonraí a bhailigh tú nó do gníomhairí a chomhroinnt le tríú páirtithe agus a úsáid acu le haghaidh na críocha a shonraítear faoi na Téarmaí Seirbhísí Gnó, lena n-áirítear, ag fógra soiléir agus feiceálach faoi conas agus an áit is féidir le húsáideoirí a dhiúltú don úsáid sonraí pearsanta maidir le spriocdhírú fógra agus, nuair is infheidhme: (i) do shuíomhanna gréasáin, fógra soiléir agus feiceálach ar gach leathanach gréasáin ina n-úsáideann tú na Seirbhísí Gnó ag lua go bhféadfadh tríú páirtithe, lena n-áirítear Snap, fianáin, rabhchán suímh agus teicneolaíochtaí eile a úsáid chun faisnéis ó do shuíomhanna gréasáin, d'aipeanna agus in áiteanna eile ar an idirlíon a bhailiú nó a fháil, agus d'fhéadfadh siad an fhaisnéis sin a úsáid chun seirbhísí tomhais, spriodhíriú fógra agus seirbhísí fógraíochta eile a chur ar fáil; agus (iii) d'aipeanna, nasc soiléir agus feiceálach istigh na socruithe d'aipeanna nó do pholasaí phríobháideachais agus ó laistigh d'aon siopa nó suíomh gréasáin ina ndáiltear d'aipeanna, a mhíníonn go bhféadfadh tríú páirtithe, lena n-áirítear Snap agus a chleamhnaithe, faisnéis ó d'aipeanna agus aipeanna eile a bhailiú nó a fháil, agus d'fhéadfadh siad an fhaisnéis sin a úsáid chun seirbhísí tomhais, spriocdhíriú fógra agus seirbhísí fógraíochta eile a chur ar fáil. (e) i ndlínsí a bhfuil toiliú feasach ag teastail dóibh maidir le stóráil agus rochtain ar fhianáin nó faisnéis eile d'ábhar sonraí (lena n-áirítear an tAontas Eorpach), ní mór duit a chinntiú, ar bhealach infhíoraithe, go gcuireann gach ábhar sonraí an toiliú riachtanach ar fáil duit sula n-úsáideann tú na Seirbhísí Gnó chun sonraí pearsanta faoin ábhar sonraí sin a sheoladh; agus (f) cuirfidh tú Snap ar an eloas go pras maidir le haon ghearán iarbhír nó faoi bhagairt a bhaineann le sonraí pearsanta agus comhoibreoidh tú go réasúnta le Snap, ar do chostas, sa fhreagra nó cosaint in aghaidh aon ghearán dá leithéid.
Má phróiseálann Snap sonraí pearsanta ar do shon mar sin aontaíonn tú leis an gComhaontú Próiseála Sonraí, Comhaontú Aisrithe Sonraí agus leis na Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha rialaitheora-próiseálaí LEE.
Má chuireann tú sonraí pearsanta ar fáil trí na Seirbhísí Gnó tomhaltóirí atá faoi réir na dlíthe príobháideachais stáit SAM a thuairiscítear níos mionsonraithe sna Téarmaí Príobháideachais SAM, mar sin aontaíonn tú leis na Téarmaí Príobháideachais SAM.
Má chuimsíonn Sonraí Imeachta a chuireann tú ar fáil faoi na Téarmaí Tiontaithe Snap comhartha úsáide sonraí teoranta a thugann onóir do Snap, mar sin tá na Téarmaí Úsáide Sonraí Teoranta i bhfeidhm.
Más rialaitheoirí neamspleácha sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil trí Sheirbhísí Gnó thú agus Snap, mar sin aontaíonn tú leis an gComhaontú Comhroinnte Sonraí, Comhaontú Aistrithe Sonraí agus leis na Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha rialaitheora-próiseálaí LEE.
Go achomhair: tugann tú líon gealltanas faoi na sonraí a aistríonn tú chuig Snap, lena n-áirítear go bhfuil dlíthe infheidhme comhlíonta agat maidir leis na sonraí; nár bailíodh na sonraí ó sheirbhís ar líne a díríodh ar aon duine faoi bhun 13 bliana d'aois; nach gcuimseofar faisnéis íogair sna sonraí; go bhfuair tú aon cheart, ceadúnas agus toiliú riachtanach chun úsáid Snap na sonraí a chlúdach; go gcuimseoidh tú fógraí cuí d'ábhar sonraí; go bhfaighidh agus go dtaifeadfaidh tú toiliú ábhair sonraí nuair is gá; agus go gcuirfidh tú Snap ar an eolas maidir le haon ghearán agus cuideoidh tú le Snap déileáil le gearáin dá leithéid ar do chostas féin. Tabhair faoi deara go bhféadfadh téarmaí agus beartais bhreise a bheith i bhfeidhm, mar atá leagtha amach thuas.